Tionóltar Ceiliúradh an Bhlascaoid gach bliain in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin chun comóradh agus céiliúradh a dhéanamh ar phobal an Bhlascaoid Mhóir,oileán amach ó chósta Chiarraí a tréigeadh sa bhliain 1953 agus a d'fhág oidhreacht shaibhir litríochta ina ndiaidh.
Déantar cíoradh ar théama ar leith de shaol an oileáin gach bliain, 'An Blascaod agus na hEalaíona', a bheidh mar théama i mbliana. Beidh sraith léachtaí, léirithe stáitse agus imeachtaí eile ar siúl i rith an deireadh seachtaine.
Is féidir breis eolais a fháil faoi cheiliúradh na bliana seo agus an cheantar máguaird, ach cliceáil ar na cnaipí eile. |